Skip navigation

GA - Moltaí ginearálta sábháilteachta

RABHADH: Ba chóir don úsáideoir na treoracha sábháilteachta thíos a léamh go cúramach sula ndéantar an córas tóireadóra SP25M a dhíphacáil agus a shuiteáil, agus a chinntiú go leanann gach oibreoir a úsáideann an córas tóireadóra i gcónaí iad. Is feidir nochtadh radaíochta infridhearg guaisí a tharlú de dheasca rialtáin a úsáid nó ceartú, nó feidhmiú nósanna imeachta seachas na cinn a shonraítear istigh anseo.

Ní mór oibreoirí a chur faoi oiliúint maidir le húsáid agus le feidhmiú chórais tóireadóra SP25M agus na táirgí a ghabhann leis, i gcomhthéacs an innill ar a bhfuil sé feistithe, sula gceadaítear dóibh an t-inneall a úsáid.

NÓTA: Déantar tagairtí thíos do ghnéithe a léirítear mar [†] [‡] [♦] sna léaráidí thíos. Cinntigh, le do thoil, go dtuigeann tú gach treoir shábháilteachta ina n-iomláine. Moltar bheith eolach ar chomhbhaill an chórais SP25M, mar a léirítear sna codanna seo a leanas:
  • Forbhreathnú ar chomhbhaill an chórais
  • Léaráid scéimreach ar chomhbhall an chórais tóireadóra
  • Léaráid scéimreach ar raca athraithe solúbtha FCR25
  • Léaráid scéimreach ar raca athraithe solúbtha FCR25 TC

Tá cosaint mheicniúil ar fhorthaistil sa chóras tóireadóra SP25M atá ar fáil in ais +Z an tóireadóra, le stop tuairte daingean. Ní mór do rialchóras an innill a bheith in ann stop a chur le gluaiseacht an innill, in ais seo an tóireadóra, sula ndéanfar an stop tuairte a bhaint amach. Murab amhlaidh an scéal, caithfidh an t-úsáideoir cosaint súl a chaitheamh agus an gléas á oibriú aige/aici ar eagla go mbrisfeadh an stíleas.

Ní mór aire a thabhairt lena chinntiú nach ndéantar aon damáiste do na fuinneoga optúla (a léirítear mar [♦]), atá ar an gcabhail agus ar an modúl araon, óir tá siad déanta de ghloine agus d'fhéadfaidís gortú a dhéanamh.

RABHADH: Tá buanmhaighnéid i gcuid de chomhpháirteanna an chórais SP25M agus sna táirgí a théann leis. Tá sé tábhachtach iad a choinneáil amach ó earraí mar chórais stórála sonraí, séadairí, uaireadóirí agus araile a d'fheadfadh réimsí maighnéadacha dul i gcion orthu.

Sábháilteacht LED

Tá foinsí LED ardchumhachta leabaithe i gcabhail SP25M (a léirítear mar [†]) a astaíonn radaíocht infridhearg dofheicthe. Nochtar na foinsí sin nuair nach bhfuil SM25-# nó modúl TM25-20 module ceangailte.

Bristear dhá shraith teagmhálacha laisce idirghlasáilte (a léirítear mar [‡]) má bhaintear an modúl, rud a chasann cumhacht LED as go huathoibríoch agus a chinntíonn sábháilteacht an úsáideora.

Ba chóir na teagmhálacha comhghlasáilte seo a iniúchadh ar eatraimh oiriúnacha le cinntiú nach bhfuil aon truailliú aeriompartha orthu, mar dheannach, mionsmionagar nó slisirníneach. I gcúinsí éadóigh, is féidir leis an truailliú sin gearrchiorcadadh na pionnaí a tharraingt agus an riosca a mhéadú dá réir ar chumhacht a sheoladh chuig na LCD, gan an modúl bheith ceangailte. Ná ceangail ábhair sheolta riamh leis na teagmhálaithe nó idir eatarthu. Lean na treoracha maidir le glanadh atá sa chuid a bhaineann le cothabháil.

Ní mór cabhail an SP25M a bhaint ó cheann an tóireadóra i gcónaí sula ndéantar iniúchadh.

I gcás damáiste dháiríre a dhéanamh d'aon chuid den chabail SP25M nó d' fhorchásáil an mhodúil scanta, dínasc foinse na cumhachta LÁITHREACH, bain na codanna briste di agus ná bain triail as a n-úsáid arís, agus téigh i dteagmháil le do sholáthraí le haghaidh comhairle.

Léaráidí sábháilteachta

Léirítear gnéithe sna léaráidí seo, a léirítear mar [†] [‡] [♦] ar a bhfuil tagairt déanta sna treoracha sábháilteachta seo.

Cabhail tóireadóra SP25M

Ceannamharc a léiríonn alt cinéimiteach go modúl

SP25M safety illustration - body end

Alt cinéimiteach SP25M go modúl

Modúil scanta SM25

Ceannamharc a léiríonn alt cinéimiteach go cabhail

SP25M safety illustration - module end

Alt cinéimiteach SP25M go cabhail