Skip navigation

GA - Sábháilteacht

RABHADH: Ba chóir don úsáideoir na treoracha sábháilteachta thíos a léamh go cúramach sula ndéantar an córas REVO a dhíphacáil agus a shuiteáil, agus a chinntiú go leanann gach oibreoir iad i gcónaí.

Níor chóir an RSP3 a úsáid ach amháin leis an gceann Renishaw REVO RSP3.

Ní mór oiliúint a thabhairt d'oibreoirí maidir le húsáid agus feidhmiú an chórais REVO agus na táirgí atá ag dul leis i gcomhthéacs an innill ar a bhfuil sé feistithe, sula gceadaítear dóibh an t-inneall a úsáid.

Tá buanmhaighnéid i gcuid de chomhpháirteanna an chórais REVO agus sna táirgí a théann leis. Tá sé tábhachtach iad a choinneáil amach ó earraí mar chórais stórála sonraí, séadairí, uaireadóirí agus araile a d'fheadfadh réimsí maighnéadacha dul i gcion orthu.

Astúcháin RSP3 LED

Tá foinsí ardchumhachta LED leabaithe i raon na dtóireadóirí scanta RSP3, agus níor chóir iad a úsáid má dhéantar damáiste tromchúiseach d'aon chuid den táirge nó má réabtar aon chuid de. I gcás den sort sin, dícheangail an fhoinse chumhachta LÁITHREACH, bain agus ná dean iarracht na codanna a úsáid arís. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí chun comhairle a fháil.

RCP TC-2 / RCP TC-3

Is é an modh le cumhacht a stopadh ná an cábla cumhachta a dhícheangal nó an soláthar a chasadh as.

Rabhaidh

Fainic an chorraíl gan choinne. Ba chóir don oibreoir fanacht glan amach ó réimse iomlán oibre cheann an tóireadóra agus an stílis. Ba chóir don soláthraí a chinntiú go bhfuil an t-úsáideoir ar an eolas faoi imchlúdach iomlán oibre an chórais.

Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín nó CMManna.

Is í freagracht sholáthraí an mheaisín í chun a chinntiú go gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas i leith aon ghuaiseacha a bhaineann leis an oibriúchán, lena n-áirítear iad siúd a luaitear i gcáipéisíocht táirge Renishaw, agus chun a chinntiú go soláthraítear sciatha cosanta agus idirghlais sábháilteachta leordhóthanacha.

Déan tagairt do threoracha oibriúcháin sholáthraí an mheaisín féin.

Níl aon pháirt is féidir leis an úsáideoir a sheirbhísiú i gcomhpháirteanna an chórais, ach amháin RCP TC-2, RCP TC-3, RCP2 agus FCR25. Níor chóir aon iarracht a dhéanamh aon chuid den táirge a bhaint dá chéile. I gcás faidhbe, téigh i dteagmháil le do sholáthraí, le do thoil, chun cúnamh a fháil.

Féadtar toisc bhréagach tóireadóra-shuite a léiriú i roinnt cúinsí le comhartha an tóireadóra féin. Ná bí ag brath ar chomharthaí tóireadóra le gluaiseacht an mheaisín a stopadh.

Dá mbeadh sárú truiceartha tóireadóra ann, ní bheadh an meaisín in ann cúlú siar i gcás imbhualadh tóireadóra.

Tá ailt an tóireadóra deartha chun an tóireadóir agus/nó coinneálaí an stílis a scaoileadh i gcás tuairte.

Níl an trealamh seo oiriúnach le haghaidh úsáide in atmaisféar ina bhféadfadh pléascadh tarlú.

Tá guaiseacha cúngúcháin idir na páirteanna. Ná coinnigh greim ar an tóireadóir nó ar cheann an tóireadóra le linn gluaiseachtaí.

Má tá fiúsanna lena n-athchur, tá sé riachtanach ó thaobh sábháilteachta buaine go n-úsáidfí fiúsanna den chineál agus den ghrádú ceart.

Ní mór an ceann a iompar i bpacáiste arna sholáthar ag Renishaw.

Ní mór go mbeadh na cáblaí ag teacht le sonraíochtaí Renishaw. D'fhéadfadh cáblú mícheart damáiste a dhéanamh don trealamh.