Skip navigation

GA - FOLÁIRIMH

NÓTA SÁBHÁILTEACHTA

Tá comhpháirteanna sprionglódáilte i ngach port ACR2 a d'fhéadfadh a bheith ina nguaiseacha cúngúcháin dá mbainfí na cumhdaigh.

Ná díchóimeáil na poirt ACR2 agus ná bain iad de na plátaí gléasta.

Seol aonaid fhabhtacha ar ais chuig Ionad údaraithe Renishaw um Sheirbhís do Chustaiméirí.

Tá guaiseacha cúngúcháin ann idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus páirteanna statacha. Ná coinnigh greim ar aon chuid den chóras uathathraithe le linn gluaiseachtaí, nó nuair a bhíonn tóireadóir á athrú de láimh.

Fainic an chorraíl gan choinne. Ba cheart don úsáideoir fanacht lasmuigh de chlúdach iomlán oibrithe cheann an tóireadóra / an tsínte / chumaisc an tóireadóra.

Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín nó CMM.

Níl aon pháirteanna inseirbhíse úsáideora laistigh de phríomhaonaid ACR2 Renishaw. Seol aonaid fhabhtacha ar ais chuig Ionad údaraithe Renishaw um Sheirbhís do Chustaiméirí.

Do threoracha maidir le glantóireacht shábháilte na dtáirgí Renishaw, tagair do rannóg COTHABHÁLA i gcáipéisíocht ábhartha an táirge.

Déan tagairt do threoracha oibriúcháin sholáthraí an mheaisín féin.

Tá freagracht ag soláthraí an mheaisín a áirithiú go dtugtar le fios don úsáideoir na guaiseacha a bhaineann leis an oibriúchán, lena n-áirítear iad sin a luaitear i ndoiciméadú táirgí Renishaw, agus a áirithiú go soláthraítear comhghlasáil agus cibé cosaint leordhóthanach eile atá riachtanach.

D'fhéadfadh an tóireadóir comhartha a thabhairt, ar chúinsí áirithe, go raibh rud éigin cearr leis go bréagach. Ná bí ag brath ar chomharthaí tóireadóra le gluaiseacht an mheaisín a stopadh.

Is é an modh a bhítear ag dúil le stop éigeandála a sholáthar do tháirgí Renishaw ná an chumhacht a bhaint díobh.