Skip navigation

GA - Sábháilteacht

Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil mionsonraithe ag an déantúsóir, d'fhéadfadh an chosaint sa trealamh bheith lagaithe. Níl aon pháirteanna inúsáidte ag an úsáideoir laistigh den trealamh.

Tá an rialaitheoir cinn ACC2-3 le húsáid leis an PSU - XP POWER VEC40US24 atá soláthraithe. Féach bileog sonraí an déantúsóra ag www.xppower.com.

Rátálacha Leictreacha PSU

Voltas Soláthair

90 V - 246 Vac

Raon minicíochta

47 Hz go 63 Hz

Ídiú cumhachta

45 W uasmhéid

Voltais dhíomuana

Aicme II

Tá an ACC2-3 aonraithe ó chumhacht SA trí dhínascadh den nascóir príomhlíne IEC ón PSU soláthraithe. Má tá aon mhodhanna aonraithe breise riachtanach, ní mór do dhéantúsóir an mheaisín nó suiteálaí an táirge é a mhionsonrú agus a shuiteáil. Ní mór an gléas aonraithe/dínasctha a bheith suite taobh istigh de shroicheadh éasca an oibreora agus é i gcomhlíonadh le haon rialacháin náisiúnta sreangaithe infheidhmithe don tír ina suiteáiltear é.

Astú solais infridheirg

CLATÁIRGE LED D'AICME 1

AIRE: Baineann an táirge seo leas as gathanna braite infridhearga. Tá an ais ag tosach an gha solais IR ar aon líne leis na sliotáin ag tosach chlaibíní na bport. Cé nach bhfuil sé dainséarach féachaint ar an nga go díreach, moltar don úsáideoir gan a shúile a chur ar aon líne le hais an gha ná in aice leis an bhfoinse LED atá suite ar thaobh na láimhe deise de chlaibín poirt 8.

ACR1 - infra red light emission - safety image_GA

Rabhaidh

Tá guaiseacha cúngúcháin ann idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus páirteanna statacha. Ná coinnigh greim ar cheann an tóireadóra le linn gluaiseachtaí, nó nuair a bhíonn tóireadóir á athrú de láimh.

Fainic an chorraíl gan choinne. Ba chóir don oibreoir fanacht glan amach ó réimse iomlán oibre cheann an tóireadóra / an tsínte/ chumaisc an tóireadóra.

Láimhsítear agus diúscraítear cadhnraí de réir mholtaí an déantúsóra. Ná bain leas ach as na cadhnraí molta. Ná lig do na teirminéil chadhnra dul i dtadhaill le hoibiachtaí miotalacha eile.

Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín nó CMM.

Níl aon pháirteanna inseirbhíse úsáideora laistigh de phríomhaonaid chumhachta Renishaw. Seol aonaid fhabhtacha ar ais chuig Ionad údaraithe Renishaw um Sheirbhís do Chustaiméirí.

Déan fiúsanna séidte a athsholáthar le comhpháirteanna den chineál céanna. Tagair don rannóg SÁBHÁILTEACHT i gcáipéisíocht ábhartha an táirge.

Do threoracha maidir le glantóireacht shábháilte na dtáirgí Renishaw, tagair do rannóg Cothabhála i gcáipéisíocht ábhartha an táirge.

Bain an chumhacht de sula ndéantar aon oibríochtaí cothabhála.

Déan tagairt do threoracha oibriúcháin sholáthraí an mheaisín féin.

Is í freagracht sholáthraí an mheaisín í chun a chinntiú go gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas i leith aon ghuaiseacha a bhaineann leis an oibriúchán, lena n-áirítear iad siúd a luaitear i gcáipéisíocht táirge Renishaw, agus chun a chinntiú go soláthraítear sciatha cosanta agus idirghlais sábháilteachta leordhóthanacha.

D'fhéadfadh an tóireadóir comhartha a thabhairt, ar chúinsí áirithe, go raibh rud éigin cearr leis go bréagach. Ná bí ag brath ar chomharthaí tóireadóra le gluaiseacht an mheaisín a stopadh.

Is féidir ACC2-2 a aonrú ón gcumhacht AC tríd an lasc phríomhchumhachta ar an gcúlphainéal a úsáid. Má tá aon mhodhanna aonraithe breise riachtanach, ní mór do dhéantúsóir an mheaisín nó suiteálaí an táirge é a mhionsonrú agus a shuiteáil. Ní mór an t-aonraitheoir a shuiteáil cóngarach don oibritheoir CMM agus é i gcomhlíonadh le IEC61010 agus le haon rialacháin náisiúnta sreangaithe infheidhmithe don tír inar suiteáiltear é.