Skip navigation

GA - Sábháilteacht

RABHADH: Ba chóir don úsáideoir na treoracha sábháilteachta thíos a léamh go cúramach sula ndéantar an córas PH20 a dhíphacáil agus a shuiteáil, agus a chinntiú go leanann gach oibreoir iad i gcónaí. Ní mór oiliúint a bheith ag oibreoirí maidir le húsáid agus feidhmiú an chórais PH20 agus na táirgí atá ag dul leis i gcomhthéacs an innill ar a bhfuil sé feistithe, sula gceadaítear dóibh an t-inneall sin a úsáid.

Cinntigh le do thoil go dtuigeann tú na treoracha sábháilteachta go léir. Moltar eolas a bheith agat ar chomhpháirteanna an chórais PH20.

RABHADH: Úsáidtear buanmhaighnéid i gcuid de chomhpháirteanna an chórais PH20 agus sna táirgí a théann leis. Tá sé tábhachtach iad a choinneáil amach ó earraí mar chórais stórála sonraí, séadairí, uaireadóirí agus araile a d'fheadfadh réimsí maighnéadacha dul i gcion orthu.

Oibriúchán agus cothabháil

Níor chóir an táirge a úsáid ach leis an rialaitheoir iomchuí Renishaw.

Ní mór suiteáil an chórais PH20 a bheith déanta ag pearsanra oilte.

NÁ déan eagarthóireacht díreach ar aon chomhad córais, ba chóir do phearsanra oilte amháin an pacáiste bogearraí coimisiúnaithe iomchuí a úsáid.

Moltar an chumhacht a bhaint sula ndéantar aon oibriúchán cothabhála.

Níor chóir aon chothabháil a dhéanamh nach ndéantar cur síos uirthi sa chuid a bhaineann le cothabháil.

Rabhaidh

Fainic an chorraíl gan choinne. Ba chóir don oibreoir fanacht glan amach ó réimse iomlán oibre cheann an tóireadóra agus an stílis. Ba chóir don soláthraí a chinntiú go bhfuil an t-úsáideoir ar an eolas faoi imchlúdach iomlán oibre an chórais.

Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín nó CMM.

Is í freagracht sholáthraí an mheaisín í chun a chinntiú go gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas i leith aon ghuaiseacha a bhaineann leis an oibriúchán, lena n-áirítear iad siúd a luaitear i gcáipéisíocht táirge Renishaw, agus chun a chinntiú go soláthraítear sciatha cosanta agus idirghlais sábháilteachta leordhóthanacha.

Déan tagairt do threoracha oibriúcháin sholáthraí an mheaisín féin.

Féacháint chuige nach ndéantar imbhuailtí idir an ceann agus an saotharphíosa nó bord CMM.

ÁIRITHIGH go bhfuil an ceann suite chomh docht agus is féidir i gcleite an CMM.

ÁIRITHIGH go mbogtar an ceann amach ó aon bhacainn sula n-iarrtar athrú suímh.

NÁ cuir brú ar aon chuid soghluaiste an chinn.

NÁ bog na tuanna cinn de láimh agus iad glasáilte nó díghlasáilte.

Níl aon chodanna fóinteacha ag an úsáideoir sa táirge nó i gcomhpháirteanna an chórais. Níor chóir aon iarracht a dhéanamh aon chuid den táirge a bhaint dá chéile. I gcás faidhbe, téigh i dteagmháil le do sholáthraí, le do thoil, chun cúnamh a fháil.

Ní mór go mbeadh na cáblaí ag teacht le sonraíochtaí Renishaw. D'fhéadfadh cáblú mícheart damáiste a dhéanamh don trealamh.

Féadtar toisc bhréagach tóireadóra-shuite a léiriú i roinnt cúinsí le comhartha an tóireadóra féin. Ná bí ag brath ar chomharthaí tóireadóra le gluaiseacht an mheaisín a stopadh.

Dá mbeadh sárú truiceartha tóireadóra ann, ní bheadh an meaisín in ann cúlú siar i gcás imbhualadh tóireadóra.

Tá an t-alt tóireadóra deartha chun an modúl stílis a scaoileadh i gcás tuairte.

Tá mótair dhírthiomána ag an táirge, agus is é stop tapa agus suíomh coinneála go díreach ina dhiaidh an fhreagairt is ísle riosca ar E-STOP. Dá bhrí sin, beidh na mótair chinn beo fós, fiú sa chás gur brúdh an cnaipe E-STOP.

Ní mór an ceann PH20 a iompar i bpacáiste arna sholáthar ag Renishaw.

Níl an trealamh seo oiriúnach le haghaidh úsáide in atmaisféar ina bhféadfadh pléascadh tarlú.