Skip navigation

GA - Sábháilteacht

Tá guaiseacha cúngúcháin ann idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus páirteanna statacha. Ná coinnigh greim ar cheann an tóireadóra le linn gluaiseachtaí, ná nuair atá tóireadóir á athrú.

Fainic an chorraíl gan choinne. Ba cheart don úsáideoir fanacht lasmuigh de chlúdach iomlán oibre cheann/shíneadh/theaglamaí an tóireadóra.

Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín nó CMM.

Tá aerphíobáin sheachtracha ar shuiteálacha áirithe. Ní mór aire a thabhairt lena chinntiú go bhfuil na píobáin feistithe go daingean leis na feistis aeir dheilgneacha.

Féach an fhaisnéis chothabhála sa cháipéisíocht a théann leis an táirge bainteach chun treoracha a fháil faoi tháirgí Renishaw a ghlanadh go sábháilte.

Bain an chumhacht de sula ndéantar aon oibríochtaí cothabhála. Déan tagairt do threoracha oibriúcháin sholáthraí an mheaisín féin.

NÓTA: Níl aon aonad príomhchumhachta sa chóras PHS-2.

Is í freagracht sholáthraí an mheaisín í chun a chinntiú go gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas i leith aon ghuaiseacha a bhaineann leis an oibriúchán, lena n-áirítear iad siúd a luaitear i gcáipéisíocht táirge Renishaw, agus chun a chinntiú go soláthraítear sciatha cosanta agus idirghlais sábháilteachta leordhóthanacha.

Féadtar toisc bhréagach tóireadóra-shuite a léiriú i roinnt cúinsí le comhartha an tóireadóra féin. Ná bí ag brath ar chomharthaí tóireadóra le gluaiseacht an mheaisín a stopadh.

Is é an modh a bhítear ag dúil le stop éigeandála a sholáthar do tháirgí Renishaw ná an chumhacht a bhaint díobh.